1916: CÚLRA AGUS COINTÉACS
Descrição do Produto
1916: CÚLRA AGUS COINTÉACS1 Cormac Ó Gráda Agus muid ag plé cúlra 1916, caithfear dhá rud a choimeád i gcuimhne. A haon, ba chuid den Ríocht Aontaithe í Éire. Agus a dó: bhí an Chéad Cogadh Domhanda ar siúl ag am. Mar sin beidh mé ag plé le blianta an Chogaidh seachas le 1916 amháin. Seo leanas plean na léachta. Plé gairid ar dtús ar chursaí airgid agus boillscithe. Le fada an lá tá rithe agus rialtais tar éis úsáid a bhaint as ardú praghasanna mar fhoinse teacht isteach le linn cogaí agus níorbh aon eisceacht é rialtas Londain i 1914. 1.
Ba mhaith liom ansan beagán a rá faoi chúrsaí saothair agus pá.
2.
Ina dhiaidh sin pléifimid talmhaíocht agus soláthar bídh agus beidh beagán le rá agam freisin faoin ngeilleagar lasmuigh den talmhaíocht.
3.
Ansan tabharfaimid aghaidh ar cúrsaí earcaíochta agus saighdiúrachta roimh agus i ndiaidh 1916.
4.
Agus fágfad an focal deiridh ag na mná. Cúpla focal mar thús ar airgead agus praghasanna. Le linn samhradh a 1914 lean
éiginnteacht an chosúlacht go mbeadh cogadh ann. Chomh luath agus a fograíodh an cogadh bhí brú ar bhancanna agus chuadar ar ‘saoire’, mar adeirtear, ach níor mhair
1
The text of a public lecture delivered in University College Dublin, 7 April 2016, marking the centenary of the 1916 Rising. 1
san ach cúpla lá. Mar sin féin bhí cruinnithe laethúla ag bord Bhanc na hEireann ar feadh roinnt laethanta. Fograíodh an cogadh ar an 28ú Iúil 1914. Ar an 6ú Lúnasa cheadaigh The Currency and Bank Note Act (1914) don rialtas (i.e. rialtas na Ríochta Aontaithe)— seachas an Bank of England—nótai puint agus deich scillinge a eisiúint mar airgeadas dlí-‐thairgthe (i.e. airgead go gcaithfí glacadh leis mar íocaíocht ar fhiacha, nó legal tender). B’iad san ‘nótaí Bradbury’ (feach thíos). Bhíodar beag, agus ní raibh taithí ag daoine lasmuigh d’Albain ar a leithéid.
2
I Meirice le linn an Chogadh Chathardha eisíodh greenbacks—ar an mbonn díreach céanna. Ní raibh aon teora ó thaobh dlí leis an méid nótaí a fhéadfadh an rialtas a eisiúint, agus sa tslí sin féadfaí boillsciú a úsáid mar bhealach le híoc as caiteachas cogaidh. Boillsciú mar mhalairt ar iasachtaí a caithfí a aisíoc in an am tráth. Bhí an boillsciú sin faoi lán-‐tseol faoin 1916. Mheas roinnt daoine ansan go bhféadfaidís brabach a ghnóthú as ór a choimeád i dtaisce, ach d’úsáid an rialtas gach saghas áitimh leis an saghas sin taisce a stad. Táid ann fós go dtaitníonn an ‘múnla’ seo leo, seachas ‘austerity’ eacnamúil. Céad blain i ndiaidh chéad-‐eisiúint na nótaí seo, cuireadh rún ós comhair Westminster, nar glacadh leis, ach gur thacaigh Jeremy Corbyn and John McDonnell leis: That this House notes that the hundredth anniversary of the Bradbury Pound on 7 August 2014 is a welcome reminder of the historic precedent for public credit as the sound basis for debt-and interest-free Treasury money and therefore the sound alternative to the national debt and interest-bearing bank money… and urges HM Treasury to follow John Bradbury's model and address social, economic and political issues across party lines in one fell swoop and avoid wholly unnecessary austerity cuts. Dhúblaigh praghasanna, a bheag nó a mhór, le linn an Chogaidh—agus thiteadar arís ina dhiaidh sin. Chomh luath agus a thosnaigh an cogadh bhí brú ar phraghasanna bianna airithe. Tháinig ordaithe isteach go hÉirinn ó Shasana d’im, d’uibheacha, srl.—earraí nach raibh teacht chomh fuirist sin orthu a thuilleadh ó thíortha eile—agus fágadh siopaí san ardchathair gan aon soláthar i roinnt cásanna. Taréis fógairt an chogaidh 3
bhí gual agus siúcra gann, freisin, agus d’ardaigh praghasanna dá réir. Lean gearáin faoi phraghasanna agus faoin gcostas maireachtála le linn an chogaidh agus, ar ndóigh, cuireadh ‘profiteering’ i leith feirmeoirí, lucht siopaí, agus trádálaithe go ginearálta. Níor leanan brú ar phraghasanna siúcra, gual, agus aroile, ach lean an boillsciú. Ghoill an t-‐ardú ar phraghasanna orthu siúd a bhí ar ioncaim seasta. Sampla maith is ea iad siúd a bhí ag braith ar an bpinsean seanaoise, a tháinig i bhfeidhm ar an 1ú Eanair 1909. Níor ardaíodh an ghnáth-‐iocaíocht seachtainiúil go dtí 1919 (ó 5s go 10s). Rud mór ab ea an pinsean in Éirinn, agus bhí sé fial go maith ag a thús. I rith an chogaidh d’ardaigh rátaí pá ach níor ardaíodar chomh mór le praghasanna, seachas, seans, ag rátaí pá ísle. Dar le taighde a dhein an staraí Fergus d’Arcy triocha blian ó shoinar thionscal na tógála i mBaile Átha Cliath, dhúbail an pá a fuair gnáth-‐oibrithe ach níor mhéadaigh ar phá shiúnéaraí, saoir cloiche, agus a leithéid ach de 60-‐65 faoin gcéad. Agus dar le David Fitzpatrick ina shár-‐leabhar ar Chondae an Chláir: ‘few Irish manual labourers did well out of the war’. Ar ndóigh in Éirinn díreach roimh an Cogadh bhí fostóirí taréis buille trom a bhualadh ar Larkin agus Connolly le Lockout na bliana 1913. Bhí ceardchumannachas in ísle brí. Bhí dífhostaíocht ard agus é fuirist ag fostóirí deireadh a chur le stailceanna.Dhein an cogadh difríocht, mar gur laghdaigh sé dífhostaíocht, ach ba mhó an tionchar a bhí aige sa Bhreatain mar a raibh an ráta dífhostaíochta an-‐íseal in 1917 agus 1918, fiú amháin i dtionscail ina raibh sí ard roimh 1914. Níorbh amhlaidh ar fad in Éirinn mar nár liostáil an oiread céanna fir óga agus toisc nár chuaigh an méid céanna ar imirce agus a théadh roimh an cogadh. Laghdaigh dífhostaíocht ach ní mar
4
a tharla sa Bhreatain (féach an tábla thíos). Mar sin, bhí an difhostaíocht fós ard go maith i 1916. Rátaí difhostaíochta sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn 1914 agus 1918
GB 1914
GB 1918
Éire 1914
Éire 1918
Tógáil
4.9
0.8
9.0
5.0
Innealltóireacht 3.2
0.7
5.8
2.3
Longthógáil
3.5
0.3
6.2
1.5
Clóbhualadh
4.6
0.6
8.1
6.1
Foinse: Fitzpatrick (1980) Ar ndóigh níorbh é an scéal céanna i ngach áit é. Bhi lán-‐fhostaíocht, geall leis, ó thuaidh; faoin dtuaith chabhraigh praghasanna arda le feirmeoiri agus i dtreo deireadh an Chogaidh Mhóir mhéadaigh an polasaí i bhfábhar na curadóireachta ar an éileamh ar oibrithe feirme. Ach thit an tóin as turasóireacht agus as an tionscal tógála. Idir 1914 agus 1917 mhéadaigh ar chaiteachas an rialtais mar chéadatán den GNP ó 8 go dtí 37 faoin gcéad. Agus, gan dabht, chiallaigh sin ardaithe ar chánacha chomh maith. D’ardaigh an gnáth-‐ráta cáin ioncam ó 6 faoin gcéad i 1914 go dtí 30 faoin gcéad i 1918. Sa mblain 1914 ní raibh ag íoc na cánach ach 1.13 milliún san Ríocht Aontaithe (nó cúig faoin gcéad dóibh siúd a bhí ag tuilleamh); faoi 1920 bhí san ardaithe go 3 miliún. TALMHAÍOCHT AGUS BIA: Sna blianta díreach roimh an cogadh bhí nach mór leath de dhaonra an oileáin seo gafa leis an talmhaíocht. Bhítheas ag braith ar easportáil mairtfheola, beithígh, muiceola, agus ime go Sasana agus ar impórtáil cruithneachta, plúr, agus bagúin.
5
Bhraith roinnt daoine go raibh an córas seo dainséarach dá dtarlódh cogadh—go rabhthas ag braith ro-‐mhor ar thrádáil. Sé an freagra a bhí ag an Bhreatain ar an imní sin ón ochtú aois deag i leith ná cabhlach láidir mar chosaint agus Britannia Rules the Waves. Rud a d’oibrigh. Gan dabht theastaigh ón Rialtas go méadófaí tairgeadh na talún in Eirinn, go háirithe trí bhreis curadóireachta. I dtús báire bhraith an Rialtas agus an Roinn Talmhaíochta ar ghríosadh, ar ‘productive thrift’. I 1915 chruinnigh an Roinn ‘Coiste ar Thairgíocht Bídh’ le bealaí leis an bhfomhar a mhéadú a mheas. Bhí an bhéim ar churadóireacht. Agus bhí an tuiscint ann nach mbeadh fonn ar fheirmeoiri beostoic— na graziers—iompó ar bharraí. Gan dabht, ní raibh sé fuirist acu siúd, mar ní raibh an fearas (capaill, taracóirí, gléasra feirme) ná an lucht saothair acu chuige. Ach is acu abhí na gabhaltaisí móra, rud a thug ar roinnt a áiteamh na féadfaí an méid talún faoin gcéachta a mhéadúgan na gabhaltaisí móra a roinnt amach idir shealbhóirí beaga. Ach bhí moltaí na Roinne bunaithe ar thír-‐ghrá seachas ar bhrabús. Abhar conspóide agus spairne ab ea dualgas a cuireadh ar fheirmeoirí díriú níos mó ar churadóireacht.Ach níor thosnaigh curadóireacht éigeantach go dtí earrach na bliana 1917.San earrach a 1917 ba é an dualgas a bhí orthu ná 10% den talamh intreafa mar bhreis ar an méid a bhí faoi bharraí i 1916. Ag an staid sin bhí timpeall 8,500 feirmeoir nár dhein curadóireacht ar bith, ach ba leor cuairt ó chigire ón Roinn Talmhaíochta len iad a chur ar an mbóthar ceart. Bhí sé seo éigeantach. Ag cruinniú den Council of Agriculture—comhairle ar a raibh feirmeoiri agus tiarnai talun lionmhar—in Iúil a 1917 mhol beirt teachta arbh dilseoirí iad go meadófaí an dualgas ar shealbhoirí go dti méadú 20% ar an méid a bhí treafa acu díreach roimh
6
an cogadh. Ach glacadh d’aon ghuth ar deireadh le run níos ‘boige’ nar chuir aon oibligeáid ar fheirmeoirí: ‘That in view of the great shortage of food throughout the world, this Council urges upon all owners and occupiers of land as a patriotic duty to increase the area under tillage as much as possible, in order to provide food for the people.I dtreo dheireadh an chogaidh d’admhaigh leas-‐uachtarán na Roinne nach le fonn a chuir feirmeoirí leis na hacraí treafa: ‘it is a pity that so much pressure has had to be used in bringing about this desirable result (i.e. rise in tilled acreage by about 1.5 million acres).’ Leiríonn figiúirí a d’fhoillsigh an Roinn gur mó fonn a bhí ar fheirmeoirí i gcondaethe ar nos Aontroim agus an Dún glacadh leis an ordú oifigiúil ná a gcomhleacaithe in, abair, Luimneach nó i dTiobrad Árann—agus i gcondaetha na Mí, na hIarmhí agus Roscomáin, freisin. Cúis imní ab ea nach mbeadh na hoibrithe feirme ann leis an obair bhreise a dhéanamh; agus cuireadh ratai ios-‐pha do sclabhaithe feirme i bhfeidhm le solathar oibre a chinntiu. Lena chois sin, bhí plean ag an Roinn spailpíní a bhíodh ag díriú ar Shasana agus ar Albain roimh an chogadh a chur ag obair ar fheirmeacha abhus ar 12s sa tseachtain, maraon le bia agus leaba. Ach fíor-‐bheagán a ghlac páirt sa scéim sa deireadh. Ní léir ósna grafanna thíos gur chuir an brú agus an mealladh le heaspórtáil puinn. Thit easportail ime, ar a raibh uas-‐phraghas, ach ina choinne sin mheadaigh ar easportail caise.
7
140
120
120
100
80
1914=100 100
1914=100 60 80
60
40 20
1908
1910
1912
1914
1916
1918
1908
1910
1912
Bliain
1914
1916
1918
Bliain Portar
Uibheacha Bainne
Im
50
50
1914=100 100
1914=100 100 150
150
200
Leann/beor Biotaille
1908
1910
1912
1914
1916
1918
1908
1910
Bliain Beithigh rabhra Bagun
1912
1914
1916
1918
Bliain Beithigh stor
Coirce Grain Offal
Pratai
Graf a 1. Easportáil roimh agus le linn an Chogaidh Mhóir Ach sin taobh amháin den scéal: cad faoi allmhuirithe? Taispeánann Graf a 2 cad a tharla do chúig earraí suntasacha—plúr, min bhuí, cruinneacht, bágún, agus fíon—roimh agus tar éis 1914. Ní féidir a rá gur deineadh puinn maolú ar allmhuiriú na n-‐earraí san ach go háirithe.
8
150 1914=100 100 50 0 1908
1910
1912
1914
1916
1918
Bliain Min Bhui Plur Fion
Cruinneacht Bagun
Graf a 2. Importáil roimh agus le linn an Chogaidh Mhóir
1914=100 120 80
100
100
200
1914=100 300
140
400
160
500
1910
1915 bliain coirce eorna
1920
1910
cruinneacht pratai
1915 bliain coirce pratai
1920 eorna
Graf a 3. Acraí faoi bharraí roimh agus le linn an Chogaidh Mhóir Achoimre gearr atá i nGraf a 3 ar thairgíocht na bpríomh-‐barraí(coirce, cruinneacht, eorna, agus prátaí) idir 1909 agus 1919. Toisc gur tháinig méadú i bhfad níos mó ar thairgíocht cruinneachta ná na barraí eile, ní taispeántar an barra sin ach ar thaobh na láimhe clé; ar thaobh na láimhe deise, tá prátaí, coirce, and eorna. Tabhair faoi ndeara gur i 1917 agus i 1918, i.e. leis an gcuradóireacht éigeantach, a tháinig na
9
hardaithe suntasacha ar an méid talún faoin gcéachta. Ní mór an t-‐ardu a thainig ar churadoireacht ná ar thairgiocht in 1915 ná in 1916. Ach ba léir um a dtaca sin nach gcríochnódh an cogadh thar oíche.
100
100
110
120
1914=100 140
1914=100 120 130
160
140
180
150
1910
1915 bliain Theas
1920
1936
1938
1940
1942
1944
1946
bliain Thuaidh
Theas
Thuaidh
Graf a 4. Curadóireacht Thuaidh agus Theas le linn an dá Chogadh Mhór Cuireann Graf a 4 an dá Éire i gcomparáid le linn an dá Chogadh Domhanda.B’fhearr, shilfeá, a d’éirigh le feirmeoirían deiscirt le linn an dá chogaidh. Agus ba threise an obair a bhí i gceist taréis 1939 ná taréis 1914; ní hamháin gur tháinig ardú níos mó ar an líon acraí faoi bharraí, agus d’fhan an coibhneas ard ar feadh níos mó blianta. Ba thréine an brú a chuir Fianna Fáil ar fheirmeoirí ná Lloyd George, agus b’shin cuid den chúis gur éirigh go maith le páirtí nua, Clann na Talmhan, i dtoghchán na bliana 1943. Ach seans gur dhein an meadú mór ar churadóireacht níos mó dochair do thalmhaíocht i ndiaidh 1945: cinnte bhí an-‐thuirse ar an dtalamh i ndeireadh ná 1940-‐dí de bharr easpa leasú talún agus ró-‐úsáid, agus d’fhulaing tairgíocht da réir. Dar le Paddy Kavanagh san Green Fool, saothar dírbheathfhaisnéiseach, ‘The price of farm produce soared. Everybody was in good humour. They had money in every pocket. Nobody in that district joined the army. All hopes were centered on a long war
10
and nobody was disappointed.’ Dar le R.A. Anderson, fear an IAOS, ‘the pockets of farmers bulged with money’. Agus arís, David Fitzpatrick: ‘the entire Irish Revolution was conducted in an atmosphere of agricultural euphoria’. Ar leibhéal eile chaill na feirmeoirí an deis buille a bhualadh i gcoinne feirmeoirí na Danmhairge, nuair nach raibh an teacht céanna acusan ar mhargaí na Breataine le linn an chogaidh. Ach in áit na margaí sin a chinntiú doibh féin sa todhchaí, sholáthraigh Éire im agus uibheacha agus éanlaithe feirme de chaighdeán íseal do cheannaitheoirí thall. Deis a bhí anseo, deis nár tapaíodh, tairgíocht cáise a fhorbairt, earra nach raibh aon traidisiún láidir ann dó in Éirinn. Thriall an Roinn Talmhaíochta an tionscal a thosnú roimh an cogadh agus bhain neart co-‐ops triall as le linn an chogaidh. Ach nuair a cinneadh an cháis ós na huachtarlanna eagsúla a chomhthiomsú (pool), d’imigh an dreasacht (incentive) ó thaobh caighdeáin de, agus ‘Irish cheese earned a bad name which clung to it long after the last short had been fired’ (R.A. Anderson). B’é an trua é. Saghas cáise cruaidh, cheddar nó Caerphilly, ab ea an cháis san: is níos déanaí a chrom na huachtarlanna ar cháiseanna próiséiseálta. LASMUIGH DEN TALMHAÍOCHT: Ní ró-‐mhaith a dhein tionscail na tíre le linn an chogaidh—seachas sa Tuaisceart, mar a raibh an-‐éileamh ar línéadach d’eitleáin, agus ‘the hammers of the rivetters in the shipyards spoke as if they were an immense park of machine-‐guns’ (R.A. Anderson). 11
CÚRSAÍ DÍ
I bhFeabhra 1915 d’fhógair Lloyd George, Aire Airgeadais na Riochta Aontaithe,
in óráid a thug se i mBangorna Breataine Bige: ‘Drink is doing more damage in the war than all the German submarines put together’. Tamaillín roimhe sin bhíLG taréis a fhógairt in óráid eile go raibh an Bhreatain ag troid in aghaidh ‘Germans, Austrians and Drink, and as far as I can see the greatest of these foes is Drink’. Bhí Lloyd George ag smaoineamh ar an dochar a dhein an deoch don ‘iarracht cogaidh’ and rith sé trína cheann cosc ar fad a chur ar ólachán. Níor lean sé leis an tuairim sin! Le linn an chogaidh, ámh,bhí tionchar mór ag an Central Control Board a bhunaigh Lloyd Georgear chúrsaí ólacháin agus ar thionscail an óil. Ach cé nár ól Lloyd George féin braon, ní piúratánachas is mó a bhí taobh thiar de na srianta a lean, ach buairt faoi thairgiúlacht. I nDeireadh Fómhair 1915 cuireadh srian i Londain, agus ina dhiaidh sin in áiteanna eile, ar cheannach rounds faoin Defence of the Realm Act agus cuireadh fíneálacha arda ar lucht óil agus ar lucht tithe táirne a bhris an rialú. Ach níor bhain an rialú sin le hÉirinn. Níos tábhachtaí, gearradh siar ar amantaí a bhféadfadh tigh táirne bheith ar oscailt, cé go raibh an gearradh siar níos géire sa Bhreatain ná abhus. Ardaíodh cánacha ar dheoch, cuireadh srianta troma ar thairgiocht, agus laghdaíodh cumhacht alcóileach na beorach (cé gur ceadaíodh beoir níos láidre in Éirinn na sa Bhreatain). Throid polaiteoirí agus tairneoirí agus tairgeoirí go tréan in aghaidh srianta ach níor bhuadar an cath. Níorbh blianta maithe dóibhsin blianta an chogaidh. I gcás uisce beatha braiche (nó malt whiskey) cuireadh stop iomlán le tairgíocht ar feadh dhá bhliain mar nach raibh cead eorna a úsáid ach mar bhia nó mar shíol. Agus bhí tionchar buan ag an gcogadh ar thionscail an óil: nior
12
laghdaoidh na canacha breise a cuireadh ar dheoch ag deireadh an chogaidh na nior meadaiodh ar na huaireannta oscailte a ceadaiodh. BÁSANNA Deirtear gur chur an cogadh feabhas ar shláinte muintir anHome Front sa Bhreatain, de bharr gur fheabhsaigh ciondáil caighdeán bídh iad siúd a bhí bocht.Táteist amhain ar sin sa ghraf thíos. Níl an tionchar in Éirinn chomh láidir. Tabhair faoi ndeara go raibh an ráta báis in Éirinn níos ísle toisc go mba tuathánaigh céadatán níos mó den daonra. Thainig laghdú le linn an chogaidh, freisin, ar
80
90
100
110
120
130
bhásanna de bharr ró-‐ólacháin.
1908
1912
1916
1920
Bliain Sasana Eire
Alba
Ráta Báis Leanaí Faoi Bhun Bliain (per 1,000) EARCÚ, SAIGHDIÚIREACHT AGUS COINSCRÍOBH
13
Bhí Éire éagsúil ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe maidir le hearcaíocht agus
le liostáil.Bhain cuid den difríocht le polaitíocht, agus cuid de le heacnamaíocht. Cé gur liostáileadar ina mílte, ní raibh an fonn céanna ar Éireannaigh liostáil, cinnte, ach bhí coinsí eile i gceist freisin. Bhi talmhaíocht i bhfad níos tábhachtaí in Éirinn; agus ní raibh bailte móra agus cathracha líonmhar mar a bhí sa mBreatain. Luaigh Lord Wimborne, a bhí i bhfeidhil ar an bhfeachtas earcaíochta in Éirinn, ‘[Ireland’s] historical, social, economic condition’. Rud lárnach le linn an chogaidh ab ea na cruinnithe agus na feachtais agus na bannaí ceoil a bhain le hearcaíocht. Bhí cruinnithe eile annar ball i gcoinne choinscríobh. Tá nuachtáin na linne lán de chuntaisi ar na cruinnithe seo agus an chaint thirghraúil a ghaibh leo. Labhair polaiteoirí, an t-‐uasaicme, an chléir, oifigigh airm, agus lucht earcaíochta. Ag cruinniú in Eanair 1916 thug an stiurthóir earcaíochta foláireamh d’fhir óga go mbraithfidís ‘paltry and mean and to the end of their lives be branded as cowards’ agus d’iarr ar na mnáóga glacadh leis an manna ‘no gun, no girl’ go dtí go raibh an cogadh thart (Connaught Telegraph, ‘Recruiting campaign’, 29 Jan 1916). Agus ó am go ham labhair saighdiúirí a bhí i mbéal an phobail ag na cruinnithe, daoine ar nós an Leiftinint Tom Kettle, ollamh le heacnamaíocht in UCD a ghaibh leis na Dublin Fusiliers ag tús an chogaidh, agus an Sairsint Michael O’Leary V.C. Rugadh O’Leary in Inse Geimhle (de chúlra bocht ab ea, mac le sclábhaí feirme; Gaeilge aige ón gcliabhán) agus a d’fhág sé an baile in aois a 16 sa mbliain 1906. Liostáil O’Leary sa chabhlach agus ina dhiaidh sin san arm. Saighdiúir proifisiúnta ab ea é, má’s ea, agus níor fhill sé ar Éirinn i ndiaidh an chogaidh. Bhain O’Leary cáil amach nuair a
14
bronnadh an V.C. air de bharr ionsaí calma a dhein sé ar ionad cosanta Gearmáineach i dtús 1915. Niorbh aon Mark Anthony O’Leary bocht, agus déarfainn nach le fonn a sheas sé ar ardáin. Ag cruinniú i gCondae Mhuigheo d’iarr sé ar na mná badhcat a dhéanamh ar shiopaíin raibh leadanna nach ndéanfadh liostáil ag obair. I nDún Laoghaire d’admhaigh sé gur fear drileála seachas óráidíochta e—‘I could drill a squad of men better than make a speech’—ach dúirt sé freisin go raibh sé cloiste go minic aige go raibh ‘some undercurrent holding the young men back’ agus gur chreid sé go raibh airgead Gearmáineach taobh thiar de. I gCluainín Uí Ruairc (Manorhamilton) d’impigh O’Leary ar mhuintir na háite ‘I am sure you will let me back for a few men’. B’shin i 1915. Fiú ag an am sin, bhí iarracht den ísle brí le braith ar chainteanna gearra O’Leary. Scéal eile ab ea Kettle, a bhí isteach sna triochaidí nuair a liostáil sé. Bhíodh Kettle bocht, a maraíodh i nGuinchy lámh leis an Somme i mblain a 1916, ag stocaireacht go díograiseach ar son na bhfórsaí mar go mba sár-‐chainteoir é. Idéalach ab ea é, fear tragóideach. Bhi se glan gcoinne an Éirí Amach ach níorbh aon fear síochána é. Chríochnaigh sé oráid a thug sé san Uaimh in Eanair 1915 leis na línte trodacha leis an bhfile Lionel Johnson: Croagh Patrick is a place of prayers And Tara is an assembly place And every wind of Ireland bears The triumph (recte trump) of battle on its race.
15
De réir fhigiuirí an Ollaimh David Fitzpatrick, atá údarásach, mheall earcaíocht 44,000 fear roimh dheireadh 1914, agus 46,000 eile in 1915. Ach thit an tóin as earcaíocht ina dhiaidh sin: 19,000 i 1916, 14,000 i 1917, nios lú ná 11,000 in 1918 (Fitzpatrick 308). Bhi ról an-‐thábhachtachag na cathracha móra san earcaíocht. Bhí aon cheantar earcaíochta déag i gceist. Sholáthraigh Ceantar Bhéal Feirste (i.e an chathair moide condaethe Aontroma agus an Dúin) 31% den iomlán, Ceantar Bhaile Átha Cliath (cathair agus condae) 19.4%, agus Ceantar Chorcaí (an chathair agus cuid den chondae) 7.5%: ach níor sholáthraigh an t-‐ocht cheantar tuaithe ach 4,500 nó 5%an ceann.
Earcaíocht mar Cheadatán den Daonra Ceantar Béal Feirste (Aontroim +An Dún) Áth Cliath (cathair+condae) Corcaigh (cathair+condae) An chuid eile An t-‐iomlán
Earcaithe (%) 31
Daonra (%) 9.1
19.4 7.5 42.1 100.0
10.9 8.9 71.1 100.0
Ag tús Eanair 1916 sholáthraigh Augustine Birrell, an t-‐Ard Rúnaí d’Éirinn, sonraí a bhí ‘approximately accurate’ a thug le fios go raibh Cúige Uladh tar éis cúigear as gach 17 fear in aois 19-‐41 a earcú, i gcomparáid le 3 as 19 i gCige Laighean, duine as gach deichniúr i gCuige Mumhan, agus duine as gach 23 i gConnachta (Indo, 12 Ean 1916). Sí an chiall a bhain an tIrish Times as tuairisc Lord Wimborne (an té a ghlac freagarthacht le haghaidh earcú san arm sa mbliain 1915) ar earcaíocht na nach raibh
16
Éire ‘furnishing adequate support for her regiments at the front’; agus dar leis an Belfast Newsletter gur léirigh sé nach raibh fir lasmuigh de Chúige Uladh ag comhlíonadh a ndualgas mar a bhí ar siúl ag a leithéidí sa Bhreatain’ (luaite san Indo, 2 Feabhra 1916). Aris léirigh na sonrai an hiarrachtaí amú ag ‘Mr. Redmond and other Nationalists to prove that Ireland has done splendidly in the war to show her gratitude for the Home Rule Act’ (Indo, 2 Feabhra 1916). B’shin dhá mhí roimh an Éirí Amach. Níos déanaí sa mbliain—i ndiaidh an Éirí Amach—d’admhaigh Wimborne go raibh ‘200,000 men of military age in Ireland who might be roped in, but it would require 150,000 troops to get 150,000, and the unwilling ones might desert… What they hated was to fight a war for England.” Ach bhí antÉirí Amach tar éis ‘fíor-‐droch atmosféar a chothú’ (luaite ag Repington 1920). Mar sin, má bhí drugall ar fhir óga liostáil roimh an Éirí Amach, mhéadaigh ar an drugall ina dhiaidh. Post hoc ergo propter hoc? Dar le sonraí a chruinnigh Wimborne, liostáil níos mó ná leath (75,293) den iomlán a liostáil roimh deireadh Eanair 1916. Chuir Wimborne ‘spin’ dearfach ar na huimhreacha ag cruinniú earcaíochta i nGaillimh ‘having regard to [Ireland’s] historical, social, economic condition’. Ach ag an gcruinniú céanna d’admhaigh John Redmond go raibh roinnt ‘slackness’ i gceantair tuaithe, agus phléadáil séle fir óga liostáil ar an mbonn aiféiseach go raibh ‘imminent danger that every tenant farmer in Ireland would be robbed by the Prussians of his ownership of the soil’ (Cork Examiner, ‘Address by the Viceroy’, 3 Feb 1916). Níorbh í seo riamh ‘Our War’ ag Éirinnmarab ionann agus ag an gcuid eile den Ríocht Aontaithe. Sé an rud is suntasaí, in aineoin an tacaíocht agus an gríosadh ó
17
pholaiteoiríón dá thaobh, a laghad a chuaigh le saighdiúireacht. Faoi dheireadh an chogaidh bhí beagnach a leath doibh siúd in aois 10-‐39 bliana tar éis liostáil sa Bhreatain, ach níor liostáil in Éirinn ar fad ach timpeall 13 faoin gcéad. Agus sa tslí chéanna, bhí an Astráil agus an Nua Shéalainn nios báidhiúla don gcogadh ná Ceanada. Pointe a luaitear go minic ná gur liostáil i bhfad níos mó in Arm an Rí in 1914-‐18 ná mar a liostáil in Arm na Poblachta in 1918-‐21. Tá san fíor agus tá sétábhachtach gan dearmad a dhéanamh air. 134,000 ar fad a liostáil in arm na Breataine, a leath acu siúd i gCúige Uladh. Fuair 60,000 pinsean IRA de shaghas éigin ón stát; fágann san ar lár roinnt a dhiúltaigh ceann a lorg nó a fuair bás gan ceann a lorg. Ach níl anchomparáid ro-‐réasúnta, samhéid is go mba é an t-‐airgead a mheall cuid mhaith isteach in Arm an Rí agus go raibh an tIRA nea-‐dhleathúil. CÉ LIOSTÁIL? Táan cheist tábhachtach ann féin, ach tá léiriú sa bhfreagra freisin arc heist na n-‐aicmí in Éirinn ag an am. Dar leis an O’Conor Don, tiarna talún Caitleacach ó Chondae Roscomáin ag cruinniú earcaíochta i mBéal Átha na Slua i nDeireadh Fómhar 1915 go raibh ‘rich men and the labouring class’ tar éis glacadh leis an nglaoch chun airm go fonnmhar agus go mba hiad na feirmeoirí agus na cuntóirí siopa a d’fhan siar (IT ‘Recruiting meeting in Ballinasloe’, 11 DF 1915). Tá sé ráite ag Padraig Yeates maidir leis an dream a liostáil san ardchathair, ‘the allegiance of these men was to the half-‐crown rather than the Crown… The army 18
provided one of the few sources of a steady income for the city’s vast army of underemployed unskilled workers…’
Ní raibh aon drogal ar an uasaicme liostáil. Léiríonn Peter Martin ina
thrachtas go raibh 185 díobh in Éirinn in aois mhíleata ag an am, agus gur liostáil 109 acu siúd (no 60 faoin gcéad). Ní raibh cuid acu óg, agus bhí céadatán ard acu pósta.Níor tháinig 29 nó 27% acu slán—ceadatán an-‐ard (timpeall 13% den iomlán a bhásaigh no a maraíodh). B’shin toisc go mba oifigigh iad agus dá bhrí sin go rabhadar i mbaol níos mó ná an gnáth-‐shaighdiúir. I mBéal Feirste, mar ar roinn comhairle na cathrach go fial leo siúd a liostáil, bhí liúntaisí níos fearr le fáil ag oibrithe oifige na ag sclábhaithe, ach fós féin bhí drogall ar lucht na hoifigí liostáil. Chiallódh san go raibh saghas snobaireacht ag baint leis an drogall: roimh 1914 daoine gan pingin, gan stádas a liostail, agus lean an drochmheas a bhíag an dream a bhí beagán níos fearr as ar an arm ina dhiaidh sin. Liostáil cuid mhaith den meánaicme mar oifigigh coimisiunaithe. I dtús báire bhí fostóirí lán-‐tsásta da liostáilifidís. Ach níor lean sé amhlaidh. De bharr an baol go bhfágfaí gann iad, chuir bainc Bhéal Feirste stop leis na scéimeanna leath-‐phá a bhí acu i dtús an chogaidh. Baill den Uasaicme Éireannach a Maraíodh sa Chéad Cogadh Sort Iomlán Maraíodh % %den iomlán Uasaicme uile 109 29 27 100 Posta 47 11 23 40 Oidhrí 43 11 26 40 Leiftinintí 24 13 54 45 Captaein 35 10 29 34 19
Maoir 21 Leift-‐chornail 7 Aois 40 23 5 Foinse: Martin (2002: 39-‐40)
3 2 12
14 28 32 24 17
10 1 41 41 17
Rud eile: bhí claonadh níos mó ag Protastúnaigh liostáil. Tá figiúiríagainn do liostáil de réir creidimh ó thus an chogaidh go dtí Eanair 1918. Tá na dóchúlachtaí go léir thar a haon, cé go bhfuil cuid acu gar do. Ach cuimhnigh go raibh claonadh i bhfad níos mó ag an gcoismhuintir liostáil, agus go mba Caitleacaigh a bhfurmhór san: Cúige Uladh Laighin Connachta Mumha An t-‐iomlán
Liostáil de Réir Creidimh in Arm an Rí, 1914-‐1918 Caitleacaigh Protastúnaigh An céadatán den Dóichiúlacht daonra nár nea-‐Caitliceach/ Chaitlicigh 1911 Caitliceach 17,092 47,798 56.3 1.31 25,357 4,989 14.8 1.11 4,316 410 3.8 2.28 17,842 1,168 6.0 1.02 64,607 52,365 74.1 1.73
Earcaíocht isteach san Arm le Linn an Chéad Chogaidh Tír Earcaithe (1,000s) % den Daonra Geal Fireann (10-‐39 i 1911) Sasana 4,006 24.0 (45) An Bhreatain Bheag 273 21.5 Alba 558 23.7 (50) Éire 134 6.1 (13) Ceanada 458 13.5 An Astráil 332 13.4 An Nua Shéalainn 112 19.4 An Afraic Theas 76 11.2 Foinse: The Dominion, ‘Britain’s war effort’, 4 August 1919 [http://paperspast.natlib.govt.nz/cgi-‐ bin/paperspast?a=d&d=DOM19190804.2.14]
20
Luadh arís agus arís eile ag cruinnithe earcaíochta an drogall a bhí ar lucht freastal siopaí (a raibh timpeall 20,000 acu ann ag an am) agus ar mhic feirmeoirí liostáil (160,000). Aris, caithfidh gur snobaireacht a bhí ansan—gan ísliú go dti leibhéal sóisialta an ghnáth-‐saighdiúra. Dream eile nach raibh aon fhonn orthu liostail na baill den RIC. As breis agus deich míle ball den bhfórsa san ní raibh taréis liostáil faoi thus Feabhra 1916 ach 6%: 31 oifigeach agus 536 fear. Maidir leis na hÓglaigh tagann an méid a bhí ag David McWilliams san Independent le gairid (30/3/2016) le tuairim na staraithe: I decided to examine what the rebels did for a living by looking at their occupations, which they listed when they were captured. What class were these rebels? The vast majority were employed, which in a city with very high levels of unemployment, tells its own story…There were clerks, drapers, drapers' assistants, confectioners, druggists, furniture salesmen, lots of grocers and insurance clerks and even a pair of silk weavers and a pawnbroker. The list is fascinating and what it reveals is not a proletarian revolution but a Rising of the petite bourgeoisie or the lower middle class. They were Christian Brothers revolutionaries. Bhi eisceachtai ann—baill an Citizens’ Army, An Rathailleach, An Pluinceadach, mar shampla. Ach chiallódh seo nach minic a gheofá beirt diortháir ón gclann chéanna, duine acu sna hÓglaigh agus an duine eile in Arm an Rí. Tá cásanna ann: mar shampla chuaigh Gerald Neilan isteach san arm taréis do Clongowes a fhágaint c. 1900 agus ghlac se coimisiún sna Dublin Fusiliers ag tús an Chogaidh Mhóir; chuaigh a dhiortháir Anthony isteach sna hÓglaigh agus bhí sé páirteach san Éiri Amach.
21
Maraíodh Gerald san Eiri Amach trasna on Mendicity Institute; cuireadh Anthony go Knutsford mar phriosunach.Ach deinim amach nach roimh a leithéid ró-‐choitianta. Cuid den chúis go bhrostaigh an oiread sin den meán-‐aicme náan chabhair airgid a fuair cuid acu ona bhfostóirí. Bhí san fíor go háirithe i gcás na mbanc. Sa tuaisceart, ní hamháin go bhfuair foireann na mbanc geallúint go bhfaighdís a bpost thar n-‐ais taréis an chogaidh, ach i dtús báire fuaireader liuntas ar bhfiú leath dá dtuarastal é fad is a mhair an cogadh (Decades of the Ulster Bank, 154). Fostaíodh cleirigh baineann sna bainc ó thuaidh don chéad uair.Maraíodh 23 den 116 ón Ulster Bank a liostáil. Liostáil 190 d’fhoireann Bhanc na hÉireann; maraíodh 32. Ina measc siúd a gheall leathphá agus post iar bhfilleadh doibh siúd a liostálfadh bhi Bardas Atha Cliath, Bardas Bhéal Feirste, Comhairle Rath Maoinis, Dhun Laoghaire, Bhrí Cualainn, na Carraige Duibhe, Phembroc, agus alan eile. Tugadh an tairiscint seo do d’oibrithe agus lucht na mbónaí bána. Bhí an scéal céanna ag na Belfast Harbour Commissioners, Enniscorthy District Asylum Committee, srl. Níor thairg A. & R. Thwaites na coinníollacha céanna ach choinneoidís áit oscailte don dream a d’fhill—‘even if they had to get rid of some of the men who preferred to take care of the back door’. Be an scéal céanna ag an Dublin and South Eastern Railway, ach ghealladar siúd cabhair airgid leis i gcásanna eisceachtúla. Thug Arthur Guinness leath-‐thuarastal aon fhear a liostáil da mhnaoi, agus leath-‐phá dá chlann muna dtiocfadh sé slán ón gcogadh, agus, lena chois sin, ghealladar post ar feadh a shaoil iar bhfilleadh doibh siud a thiocfadh slán. Do liostáil suas le 800 d’oibrithe Guinness, agus níor fhill 103 acu abhaile. I gCorcaigh gheall
22
brudlann Murphy a bpostanna thar n-‐ais doibh siud a liostail, rud nar dhein ach dornan beag i gcomparaid le Guinness. Bhi brón ar roinnt dreamanna go rabhadar chomh flaithiúil ag tús an chogaidh. Ar ndóigh níor shíl éinne go leanfadh se chomh fada. Cur i gcás an Provincial Bank a bhi tareis pá iomlán a thabhairt dóibh siúd a ghlac dualgas míleata orthu féin, agus leath phá ina dhiaidh sin. Ach chur na híocaíochtaí sin go mor le costaisi an bhainc. Chinn na stiurthoiri ar íocaíochtaí a stop má bhí an pa a fuarthas on War Office chomh hard le, nó níos aoirde ná an tuarastal a fuarthas on mbanc. Cheap na stiúrthóirí go mbeadh na scarshealbhóirí sásta leis an socrú féaráilte sin (IT 29/7/1915). I Lúnasa 1915 bhí achrann ar Chomhairle Chathrach Atha Cliath (IT, 24/8/1915) faoi mholadh on Paving Committee ná faghadh Francis Fitzpatrick áirithe a bhí taréis dul isteach san ar leath phá. Sí an chúis a bhí acu ná go raibh a athair agus a bheirt diortháir ag obair don mbardas, go raibh liúntas acu on War Office, agus nach raibh aon duine ag baile ag braith orthu… Ach labhair baill den gcomhairle ar son Fitzpatrick, ag áitiú go rabhadar tareis gealluint go bhfaigheadh gach einne a liostail leath a phá, agus nach raibh aon tarraingt siar uaidh sin. Is ar an dtuiscint sin a liostáil fir, agus ba chuma sa diabhal an raibh dependents acu nó nach raibh. Bhí an t-‐airgead tuillte ag na fir, agus fúthu siad a bhí sé a rá cé gheobhadh an t-‐airgead agus iad as baile. Fuair Fitzpatrick a leath-‐phá sa deireadh. Tabhair faoi ndeara mar sin andifriocht idir an dream a liostáil agus iad siud a liostáil san IRA le linn cogadh na saoirse. Seo leanas Peter Hart, nach maireann:
23
The evidence is that building trades, drapers’ assistants, creamery workers, hairdressers and teachers contributed more than their share of rebels. Skilled tradesmen and artisans were twice or three times as likely to be found in the IRA as in the general population. Agriculture absorbed most of Ireland’s labour force, and one of the most striking things is its consistent under-‐representation in the ranks of the IRA. In chronological and spatial terms, IRA activity was uneven. Agus an cogadh ag druidim chun deiridh, ní raibh soláthar ó thaobh earcaíochta dó ach cuíosach in Éirinn, agus sin an chúis gur fograíodh go gcuirfi coinscriobh i bhfeidhm in Éirinn in Aibreán 1918. Ach níor cuireadh coinscríobh i bhfeidhm riamh in Éirinn, agus níor liostáil ach dornán beag—faoi bhun 5,000 fear— idir an vóta pairliminte in Aibreán agus deireadh an chogaidh i mína Samhna. I ndeireadh na dála, mar a scríobh Tom Garvin na blianta ó shoin: ‘To avoid enlistment was not regarded as particularly cowardly in rural Ireland, but as evidence of good sense.’ Dhá rud nach luann sé, ámh, ná an t-‐éileamh a bhí ar sclábhaithe feirme de bharr an méadú ar churadóireacht agus an snobaireacht a chiallaigh go mba leasc le mic feirmeoirí dul isteach sna trínsí ceanna leis na sclábhaithe feirme agus le coismhuintir na mbailte. MNÁ Níl aon dabht ach go mba faoiseamh ag roinnt den gcoismhuintir na liúntaisí a fuair gaolta na saighdiuiri. Dar leis an Irish Times (25 Samhain 1916): ‘It was a strange thing that, notwithstanding high prices, distress in Dublin was not so acute as one
24
would expect it to be, probably because of the receipt of separation allowances’. Is fíor san, cé go raibh an-‐chuid gearáin faoi cé mar a chaitheadh an t-‐airgead. Coismhuintir na mbailte is mó a bhí san dream ar a dtugtaí na ‘separation women’. Gan dabht, bhí cuid acu ábhairín garbh agus bhain iarracht den snobaireacht leis an ghráin a bhí ag poblachtánaigh orthu. Bhí an-‐éifeacht ag an cogadh ar staideas na mban sa Bhreatain, mar ar ghlac an-‐ chuid mná postanna in áiteanna ina mbíodh fir rompu. Luaitear monarchain armlóin leo ach go háirithe. Bhí an obair sin baolach agus mí-‐shláintiúil, agus bhí an pá íseal. Ta roinnt mhaith scríobhtha faoisna na mná úd. In Éirinn, ní hionann agus sa Bhreatain, tríd is tríd níor ghlac mná le postanna a bhíodh ag fir, mar nach raibh an phráinn céanna i gceist ó thaobh ganntanais oibrithe. Mar shampla, fir is mó a bhí ag obair in monarcha Kynochs, a sholáthraigh ábhar pléascach angus armlón san Inbhear Mór, ach mná is mó a bhí obair san National Shell Factory san ardchathair agus i gcúpla áit eile. Eisceacht: faoi 1915 bhí ganntanas foirne ar an Banc Náisiúnta ina mbrainse i bhFaiche an Choláiste i mBÁC agus thosnaíodar ag fostú mná mar chléirigh. Ach ba daoine gaolta le baill fireann den bhfoireann na mná seo (IT, 23 Iúil 1915). Ar leibhéal amháin céim ar gcúl ab eaan Chéad Cogadh Mór do staideas na mban, chuir sé stop ar feadh tamaillín le feachtas an dreama a bhí ag éileamh vótaí do mhná. Ach d’fhás an tuairim sa rialtas le linn an chogaidh go mba cheart an vóta a thabhairt dóibh siúd go léir a bhí ag troid, agus i mí an Mheithimh 1917, mar chuid d’acht a leithnigh an ceart vótála go raidiciúil, ghlac Westminster le móramh mór le ceart na mban vótáil.
25
Ní beag san, b’fhéidir.Gura maith agaibh.
26
Lihat lebih banyak...
Comentários